Bhronn Séamus Ennis "Banríon na n-Amhrán" uirthi, agus bhí údar aige. Thug sí go fial agus go flaithiúil dá stór amhrán do bhailitheoirí, Ennis ina measc. Mar chúiteamh, d'inis Ennis dá chomhghleacaithe i bhfad's i gcéin faoin mbean seoigh seo i mBaile Mhúirne, Eibhlís Uí Chróinín, nó Bess Cronin a raibh stór mór amhráin, seanchais agus scéalta aice.
Sa bhailiúchán ath-fhoilsithe seo, tugann an t-eagarthóir, garmhac Bess, an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín breis luach don léitheoir agus don éisteoir mar a bhfuil saibhreas glóir binn a sheanmháthair Bess Cronin féin le clos go glégeal os na dlúthdhioscaí ath-mháistrithe atá mar thionlacan ag an leabhar.
Deir an t-eagarthóir gur amhlaidh go raibh ceangal air tabhairt faoin leagan nua seo. Gheall sé go dtabharfadh.
Insíonn sé an scéal, tráth go raibh an chéad eagrán á sheoladh i gCúil Aodha, breis is fiche bliain ó shin, tháinig an t-údar agus drámadóir áitiúil, Seán Ó Muimhneacháin chuige agus shín clúdach donn litreach chuige, á rá leis gur mó suime a bheadh aige ina raibh iniata.
Agus go deimhin, bhí, an-suim. Istigh sa chlúdach donn, bhí sean-chóipleabhar scoile, coimeádta go néata agus na leathanaigh deiridh lán le h-amhráin, scríofa de láimh ag Bess féin.
Mhínigh Seán gur amhlaidh ar thóg cara mór le Bess, John O'Connell an cóipleabhar ar iasacht uaithi ach gur ligeadh i ndearmad é a thabhairt ar ais.
griangraf a bhuíochas le Don MacMonagle – macmonagle.com
Ó ghlúin go glúin a tugadh an cóipleabhar go dtí go bhfuair sé a shlí go Seán agus a bhuíochas lena fhlaithiúlacht siúd, tá na seoda bhreise seo anois sa bhfoilseachán nua. Sé cinn d'amhráin eile curtha leis an mbailiúchán - ceithre cinn acu ar leagnacha difriúla iad d'amhráin a bhí foilsithe cheana ach dhá cheann iomlán nua.
Ina theannta sin, deir Dáibhí go bhfuil gné nua eile i bhfoirm cuimhní cinn beathaisnéiseach de chuid an staraí áitiúil, Seán Uí Cuill, ar an Dr Dómhnall Ó Loingsigh a bhí ar dhuine de mhórphearsaí Bhaile Mhúirne ag deireadh an naoiú haois déag agus tús an chéid seo caite.
Go deimhin, tiomnaíonn Ó Cróinín an leagan seo den fhoilseachán i gcuimhne gach ar bhain an Dr Ó Loingsigh amach.
Bhí sceitimíní ar phobal Mhúscraí agus ar lucht ceoil agus amhrán i ndeireadh na 1980daí, tráth ar chualthas ar dtúis go raibh saothar idir lámha Uí Chróinín a shéidfeadh anáil na beatha faoi amhráin de chuid Bess.
Bhí cuid mhaith díobh ligthe i ndearmad agus cuid fós eile nach raibh fiú ar eolas ag éinne.
Ba cosúil le glór ón gcré a bhí ann ach glór a raibh fíor-fháilte roimhe, go háirithe ón nglúin sin, a raibh iomrá na mná seo cloiste acu ach ná raibh glór binn Bess fhéin riamh cloiste acu go dtí sin.
Ó shin i leith, tá tuiscint nach beag curtha ag an bpobal mór ar luach na dtaifead a tógadh ó Bess i lár an chéid seo caite - cuid den saothar sin i gcartlann RTÉ agus BBC ach cuid de chomh maith i gcartlann ar Shaol na Tuaithe i Leabharlann Thithe na Comhdhála in Washington, DC.
Agus anois arís, tá siad ar fáil don bpobal - luach breise san áireamh agus is mór an taisce amhráin atá san fhoilseachán agus é de mhian an eagarthóra go spreagfadh sé amhránaithe cuid des na hamhráin a fhoghlaim agus a chanadh amach anseo.