Bhí An tUachtarán Michael D. Higgins agus An Tánaiste Leo Varadkar i gceann na n-ionadaithe ón saol poiblí a bhi i láthair ag sochraid Austin Currie i gCo. Chill Dara inniu.
Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee, ceannaire an SDLP Colum Eastwood agus ionadaí don Taoiseach Micheál Martin i láthair freisin.

Chuala an slua a iníon Estelle ag tabhairt 'fathach na gcearta sibhialta' ar Austin Currie agus á rá gur laoch é ag a lán, lán daoine freisin.
Fórsa ar son an leasa agus ar son na maitheasa a bhí ina athair, a dúirt sí.
Rinne sí tagairt don oiread daoine a rinne ómós dá athair ó bhásaigh sé agus a dúirt gur fear misniúíl cróga gan faitíos a bhí ann, agus duine de bhunaitheoirí na polaitíochta bunreachtúla agus na gcearta sibhialta é.
Fuair Austin Currie bás ina chodladh ag a theach cónaithe i nDoire an Mhuillinn i gCo. Chill Dara Dé Máirt, agus é ina 82 bhliain. Beidh seirbhís eile eaglasta i Séipéal Mhaolmhaodhóg in Éadan na dTorc i dTír Eoghain amach, agus cuirfear i gcré na cille ansiúd é ina dhiaidh.

Bhain Austin Currie cáil amach i 1968 nuair a chuir sé in aghaidh chinneadh na n-údarás áitiúil i gCo Thír Eoghain teach cónaithe a chur ar fáil do bhean shingil a bhí ag obair do pholaiteoir aontachtach cé gur mhó an riachtanas a bhí ar theaghlaigh Chaitliceacha sa cheantar.
Ina dhiaidh sin, i 1970, bhí Austin Currie ar dhuine de bhunaitheoirí an SDLP in éindí le John Hume, Ivan Cooper, Gerry Fitt, Paddy Devlin agus Paddy O'Hanlon.
Chuaigh sé chun cónaithe i gCo Chill Dara sna hochtóidí agus bhí sé ina iarrthóir ag Fine Gael i dtoghchán na hUachtaránachta i 1990.
Toghadh ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath é agus bhí sé ina Aire Stáit i ranna éagsúla idir 1994 agus 1997.
Chaill sé a shuíochán san olltoghchán in 2002 agus d'éirigh sé as an bpolaitíocht.
Maireann a bhean chéile Annita agus a gcúigear clainne, a n-iníon an Seanadóir Emer Currie ina measc.