Tá ómós tugtha go forleathan don iarpholaiteoir agus iarghníomhaí cearta sibhialta sa Tuaisceart Austin Currie a bhásaigh inné in aois a dhá bhliain is ceithre scór.
Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur polaiteoir ionraic díograiseach ab ea Austin Currie a rinne an-obair ar son mhuintir na hÉireann i gcaitheamh na mblianta.
Bhain Austin Currie cáil amach i 1968 nuair a chuir sé in aghaidh chinneadh na n-údarás áitiúil i gCo Thír Eoghain teach cónaithe a chur ar fáil do bhean shingil a bhí ag obair do pholaiteoir aontachtach cé gur mhó an riachtanas a bhí ar theaghlaigh Chaitliceacha sa cheantar.
Ina dhiaidh sin, i 1970, bhí Austin Currie ar dhuine de bhunaitheoirí an SDLP in éindí le John Hume, Ivan Cooper, Gerry Fitt, Paddy Devlin agus Paddy O'Hanlon.
Chuaigh sé chun cónaithe i gCo Chill Dara sna hochtóidí agus bhí sé ina iarrthóir ag Fine Gael i dtoghchán na hUachtaránachta i 1990.
Toghadh ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath é agus bhí sé ina Aire Stáit i ranna éagsúla idir 1994 agus 1997.
Chaill sé a shuíochán san olltoghchán in 2002 agus d'éirigh sé as an bpolaitíocht.
Maireann a bhean chéile Annita agus a gcúigear clainne, a n-iníon an Seanadóir Emer Currie ina measc.