skip to main content

Iarcheannasaí bhanc Anglo Irish Seán FitzPatrick tar éis bháis

Seán FitzPatrick
Seán FitzPatrick

Tá iar-phríomhfheidhmeannach agus iarchathaoirleach bhanc Anglo Irish, Seán FitzPatrick, tar éis bháis. Bhí sé 73 bliain d'aois agus bhí sé tinn le tamall gairid.

Bhí Seán FitzPatrick aitheanta as an mbaint a bhí aige leis an bhfás mear a tháing ar Anglo Irish agus lena chliseadh in 2009.

Mionbhanc tráchtála a bhí ann nuair a thosaigh sé ag obair ann i 1986 ach faoin am a thit sé as a chéile bhí sé ar an tríú banc ba mhó sa tír.

Iasachtaí a thabhairt d'fhorbróirí maoine a bhí i gcuid shuntasach de ghnó an bhainc faoi stiúir Sheáin FitzPatrick agus b'in a rinne a aimhleas nuair a tháinig an cúlú eacnamaíochta in 2008.

I mí na Nollag 2009, thuairiscigh Anglo Irish caillteanais €12.7 billiún agus aistríodh luach iasachtaí an bhainc go dtí an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní.

In 2010, dearbhaíodh Seán FitzPatrick ina fhéimheach agus dúradh go raibh fiacha €147 milliún air. Urscaoileadh ón bhféimheacht é ceithre bliana ina dhiaidh sin.

Cuireadh ar a thriail faoi dhó é faoi chaimiléireacht agus fuarthas neamhchiontach é in 2014 agus arís in 2017.

Cháin breitheamh an chaoi ar thug Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoin gcás in aghaidh Sheáin FitzPatrick a fhiosrú.

In 2019, díbríodh é as Cuntasóirí Cairte Éireann agus gearradh fíneáil €25,000 air.