Dúirt iar-Uachtarán Mheiriceá,Barack Obama gur theip ar fhormhór tíortha seasamh le gealltanais a rinne siad i bPáras roinnt blianta ó shin maidir le srian a chur le hathrú aeráide.
Bhí sé ag labhairt ag Comhdháil COP26 i nGlaschú.
Bhí an tUasal Obama ina Uachtarán ar Mheiriceá nuair a socraíodh margadh Pháras i 2015.
Dúirt sé inniu áfach go gcaithfeadh tíortha an domhain níos mó a dhéanamh ar mhaithe le hastaíochtaí a laghdú.
'Faraor' a dúirt sé, 'is in olcas atá an scéal imithe cuid mhór ó shin'.
'Tá comhoibriú domhanda riachtanach chuige seo' a dúirt an fear a chaith 2 théarma mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe idir 2008 agus 2016.
Luaigh sé go speisialta a thír féin agus tíortha an Aontais Eorpaigh ina leith seo, 'ach tá tábhacht ar leith freisin le ról na Rúise agus na Síne.