Tá Airí Fuinnimh,Comhshaoil agus Aeráide ag comhdháil COP26 i nGlaschú in Albain ag iarraidh theacht ar shocrú le cosc a chur ar an ardú sa teocht domhanda.

Ina measc tá Aire Comhshaoil na tíre seo,Eamon Ryan.

Dúirt ceannaire Chomhaontas Glas nach bhfuil dóthain dul chun cinn déanta ag COP 26 go dtí seo, ach go raibh súil aige go n-athródh sé sin sna laethanta amach romhainn.

Dúirt sé freisin gur thuig sé cén fáth a ndeachaigh daoine ag agóidíocht sna sráideanna i rith an deireadh seachtaine.

Tá sé i gceist freisin go mbreathnófaí ar bhealaí le cúnamh airgid a chur ar fáil do na tíortha is boichte chun dul i ngleic leis an bhfadhb mhór aeráide.

An tAire Eamon Ryan (lár báire) ag COP 26

Is í seo an dara seachtain de COP 26, comhdháil a bhfuil sé mar aidhm aige bealaí a aimsiú lena chinntiú go mbeidh saol inmharthana ar dhromchla na cruinne seo do na glúnta atá ag teacht.

Agóid i nGlaschú ag léiriú frustachais faoi 'easpa dul chun cinn' ag COP 26

Glactar leis go forleathan go mbeidh an plainéad ar an bhfaraor géar laistigh de scór bliain mura ndéantar rud éigin suntasach faoi ghásanna carbóin agus truailliú aeir atá ina chionsiocair nach beag leis an athrú aeráide agus an t-ardú ar ró-théamh an domhain.