Thug an gníomhaí aeráide Greta Thunberg agus na mílte eile faoi léirsiú ar shráideanna Ghlaschú inniu ag Comhdháil Aeráide Cop 26. Tá sí thar a bheith cáinteach faoin easpa dul chun cinn atá déanta ag an gComhdháil go dtí seo.

Maidir leis an bPlean do Ghníomhú Aeráide a d'fhoilsigh an Rialtas inné tá feirmeoirí an-mhíshásta faoin laghad sonraí atá luaite lena dtionscal fhéin.

Beidh an Chomhdháil aeráide COP26, ina bhfuil spriocanna á leagan amach le dhul i ngleic le athrú aeráide ar siul go dtí an Aoine seo chugainn.

Ag glacadh leis na dúshláin a bhí á phlé ag COP26 d'fhoilsigh an Rialtas an Plean Gnimh le dul i ngleic le hAthrú Aeráide inné.

Laghdú 22-30% ar astúcháin an sprioc atá leagtha amach don earnail talamahaiochta sa Phlean. Ach tá frustrachas ar fheirimeoiri fén easpa soiléireachta atá ann faoi na spriocanna.

Foilseofar mionsonraí agus spriocanna dos na hearnálacha éagsúla go luath an bhliain seo chugainn.