Deir eagraíochtaí cearta daonna gur chóir cúiseanna atá curtha i leith fhear de bhunadh Chiarraí a chur ar ceal sa Ghréig.
Bhí Seán Binder, a rugadh sa Ghearmáin ach a tógadh i gCorca Dhuibhne, ag obair go deonach le heagraíocht a chabhraíonn le teifigh ar Oileán Lesvos nuair a gabhadh é féin agus beirt chomhleacaí eile i mí Lúnasa 2018.
I measc na gcúiseanna atá curtha ina leith tá gáinneáil daoine, sciúradh airgid agus spiaireacht. Tá na cúiseanna séanta ag an dtriúr a mhaíonn gur ag cabhrú le teifigh a bhíodar mar chuid dá ndualgaisí leis an eagraíocht fóirithinte.
Tá an cás le teacht os comhair na cúirte fé cheann coicíse agus má chiontaítear iad d'fhéadfaí suas le chúig bliana fichead príosúin a ghearradh ar an dtriúr.
I gCorca Dhuibhne a tógadh Seán Binder, mar a bhfuil gaolta agus cairde i mbun feachtais anois agus iad ag iarraidh aird a tharrac ar an gcás. Tá suas le 3,000 ainm curtha le hachainí agus é le seoladh fé bhráid rialtas na Gréige. Tá tacaíocht léirithe ag eagraíochtaí cearta daonna don dtriúr agus éilimh déanta ag leithéidí Amnesty International, Irish Refugee Council agus Free Humanitarians.org na cúiseanna a chur ar ceal.
In iarracht dul i ngleic leis an rabharta teifeach agus imirceach sa tír tá cur chuige níos déine le braith ó húdaráis na Gréige le blianta beaga anuas.
Inniu dúirt Roinn Gnóthaí Eachtrach na hÉireann nach bhfuil aon phlé díreach ag an Roinn leis an gcás toisc gur saoránach de chuid na Gearmáine é Binder, ach go bhfuil monatóireacht á dhéanamh acu ar an gcás.
Tiocfaidh an cás os comhair na cúirte sa Ghréig ar an 18ú Samhain.