Leanfar ar aghaidh inniu leis an gComhdháil Athrú Aeráide COP26) atá ar siúl i nGlaschú.
Gheall ceannairí domhanda ag an gCruinniú Mullaigh ansin inné go mbeadh deireadh le dífhoraoisiú faoi 2030.
Dúradh freisin go mbeadh athphlandáil iomlán á dhéanamh ar chrainnte faoin mbliain sin.
Tá €16bn geallta ar mhaithe le seo a chur i gcríoch, idir airgead poiblí agus príobháideach.
Tá 100 tír tar éis a dtacaíocht a thabhairt dó seo.
Tá 85% de na foraoisí sna tíortha sin.