Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin ag an gComhdháil Athrú Aeráide i nGlaschú go gcaithfi 'beart domhanda a dhéanamh anois de réir briathair, agus go raibh sé dóchasach go ndéanfaí sin i dtaca leis an ghéarchéim mhór aeráide'.
Dúirt sé gur maith an rud é an oiread sin tíortha a fheiceáil i nGlaschú don ocáid.
'Tá ár dtír féin ag gníomhú go láidir ar an gceist' a dúirt an Taoiseach agus é ag tagairt don Bhille Aeráide.
Dúirt Micheál Martin nach mbeadh sé inmharthana go heacnamúil leanacht ar aghaidh mar atá ag déanamh neamhairde de cheist na haeráide.
'Ardú meanmna dom' a dúirt an Taoiseach 'go bhfuil Meiriceá ag léiriú tacaíochta anois do Chomhaontú Pháras'.
Tá sé i gceist ag an Rialtas anseo a phlean aeráide a fhoilsiú roimh dheireadh na seachtaine.