Tá ceannairí ó thíortha ar fud an domhain tagtha le chéile i bpríomhchathair na hAlban,Glaschú,áit a bpléifear beartais le dul i ngleic le téamh na cruinne.
Comhdháil Dhomhanda (COP26) ar athrú aeráide atá i gceist.
Seo í an 26ú bliain dá léithid agus tá breis is 120 ceannaire stáit i láthair ag an ócáid seo atá eagraithe ag na Náisiúín Aontaithe.

Deirtear go bhfuil an chomhdháil seo cinniúnach, má tá ceannairí domhanda leis an ngeallúint a thug siad i bPáras 6 bliana ó shin i dtaca le srian suntasach a chur ar astaíochtaí carbóin lena chinntiú nach n-ardaíonn teocht na cruinne tuilleadh.
Ag oscailt na comhdhála, dúirt Príomh Aire na Breataine,Boris Johnson 'nach bhfuil aon am ann a thuilleadh le bheith ag moilleadóireacht' i dtaca le dul i ngleic leis an fhadhb seo.
Inné deir ceannairí an G20 ag a gcruinniú sa Róimh go bhfuil siad sásta tabhairt faoin sprioc téamh an domhain a choimeád faoi 1.5 céim.

I measc an dreama atá i láthair i nGlaschú, tá Uachtarán na Stát Aontaithe,Joe Biden, ceannairí ón Aontas Eorpach agus Príomh Aire na hIndia,Narendra Modi.
Amárach, labhróidh an Taoiseach,Micheál Martin ag an gcomhdháil.
Dúirt sé inniu gur 'léir ón líon mór ceannairí atá i láthair go bhfuil an toil ann athruithe móra a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis an aeráid'.
Tá sé tugtha le fios áfach ag Uachtarán na Síne, Xi Jinping agus Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin nach mbeidh ar a gcumas a bheith i láthair go pearsanta.