skip to main content

Gníomhaí aontachtach, iarimreoir rugbaí Davy Tweed básaithe

Davy Tweed
Davy Tweed

Maraíodh an gníomhaí aontachtach Davy Tweed i dtionóisc bhóthair i gCo Aontroma inné.

Bhí sé ag tiomáint gluaisrothair nuair a d'imigh sé den bhóthar i nDún Sobhairce i dtuaisceart an chontae ag thart ar 4.30 tráthnóna inné.

D'imir Davy Tweed ar cheithre ócáid i 1995 d'fhoireann rugbaí na hÉireann.

Bhí a ainm in airde arís i 1996 as an bpáirt a ghlac sé san fheachtas seicteach in aghaidh an phobail Chaitlicigh i Harryville ar an mBaile Meánach.

Bhí Davy Tweed i measc slua dílseoirí a dhéanadh imeaglú gach tráthnóna Dé Sathairn - agus laethanta eile - ar dhaoine a bhí ag dul ar Aifreann sa séipéal Caitliceach ansin. Trí bliana a mhair an feachtas fuatha áirithe sin. Rinneadh loitiméireacht ar an séipéal go minic freisin.

In 2012, ciontaíodh Davy Tweed i mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar leanbh ach cuireadh a chiontú ar ceal ceithre bliana ina dhiaidh sin.

Iarbhall den Ord Oráisteach a bhí ann agus chaith sé seal ina chomhairleoir aitiúil sa Bhaile Meánach ar son pháirtí an Traditional Unionist Voice.

Dúirt ceannaire an pháirtí sin Jim Allister gur údar mór bróin bás Davy Tweed.