Tá sé tugtha le fios ag Clár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe go bhfuil na milliúin daoine san Afganastáin i mbaol báis den ocras mura gcuirfidh tíortha eile tuilleadh soláthairtí fóirithinte ar fáil dóibh gan mhoill.

Ó tháinig an Talaban i gcumhacht arís san Afganastáin trí mhí ó shin, tá smachtbhannaí eacnamaíochta curtha ar an tír ag rialtais agus gníomhaireachtaí an domhain thiar.

Dúirt ceannasaí an Chláir Dhomhanda Bia san Afganastáin, Mary Ellen McGroarty, go bhfuil ospidéil na tíre lán go tairseach cheana féin le leanaí a bhfuil easpa mhór cothaithe orthu.

Tá bia gann agus a bhfuil le fáil de, tá an praghas fíorard, a dúirt sí. Ar a dhroim sin, tá praghas breosla as compás le hioncam daoine.

Tuairiscítear freisin go bhfuil roinnt daoine chomh mór sin in anás go bhfuil siad ag díol a leanaí le strainséirí.

Tá siad chomh tugtha suas don éadóchas, a dúirt Mary Ellen McGroarty, go bhfuil a leanaí féin tugtha suas acu.

Agus í ag labhairt ar RTÉ, thug sí le fios gur 19 milliún duine atá i mbéal an bháis leis an ocras san Afganastáin agus gur 22.8 milliún a bheas i gceist i gceann roinnt seachtainí nuair a bheas sé ina gheimhreadh thall.

$200 milliún sa mhí ar a laghad atá de dhíth le gorta ábhalmhór a chur ó dhoras, a dúirt Mary Ellen McGroarty.