skip to main content

An galar néarón luadrach ar an iriseoir aitheanta Charlie Bird

Charlie Bird
Charlie Bird

Tá sé fógartha ag an athiriseoir in RTÉ Charlie Bird go bhfuil an galar néarón luadrach air.

I dtvuít a d'fhoilsigh sé inniu, thug sé le fios gurb é an galar sin is cúis leis na deacracthaí urlabhra atá aige agus ar thrácht sé orthu cheana.

Chaith Charlie Bird 38 bliain in RTÉ. Thosaigh sé ag obair ann mar thaighdeoir cúrsaí reatha sa bhliain 1974.

Tuairisceoir agus comhfhreagraí aitheanta nuachta a bhí ann ina dhiaidh sin go dtí gur éirigh sé as in 2012.

Bhí sé ina phríomh-chomhfhreagaí nuachta agus ina chomhfhreagraí Washington i gcaitheamh an ama sin.

Tá sé ag obair mar iriseoir neamhspleách agus údar ó shin.

Ghabh Charlie Bird a bhuíochas inniu le gach duine atá ag tacú leis faoi láthair.