Tá cuid de chartlann luachmhar físe ar déanadh a thaifead in Éirinn sna 1920daí á dhathú ag údar an leabhair cáiliúil - 'Old Ireland in Colour'.

Thángthas ar an gcartlann, atá i scannáin dubh agus bán, le linn taighde ar shean phictuirí don dtír seo agus tá saibhreas radharcanna agus léargas suimiúl ionta ar shlí na tíre seo nách mór céad blian ó shin.

Currach agus criú i mbun iascaireachta amach ó chósta Árainn sna 1920daí

Ceamradoirí ó Fox Movitone News ó Mheiriceá a dhein an taifead in Éirinn. Bhí duine d'údair an leabhair 'Old Ireland in Colour', John Breslin ag lorg sean-phictiúirí de shaol na tíre seo nuair a tháinig sé ar chartlann físe atá in Ollscoil South Carolina, sna Stáit Aontaithe.

John Breslin, údar 'Old Ireland in Colour'

Tá na céadtha scannán sa chartlann, cuid acu san a taifeadadh in Eirinn i 1929. Tá fuaim leis na taifid chomh maith.Tá cáil bainte amach aige John agus a chomh-údar ar an leabhar, Sarah Ann Buckley, as dath agus nótaí staire a chuir le seanphictiúrí dubh agus bán ón dtír seo.

An Triúr Saoithe - Árainn 1920daí

Lorg John cead ón Moving Image Research Collection in Ollscoil South Carolina chun sampla beag don gcartlann a dhathú.

Cailín óg ag beathú ál lachan
Leagan daite den bpictiúir thuas

Tá cúpla ceann daite agus uasghrádaithe aige a léiríonn rinceoirí in Árainn agus cailíní óga scoile ag bhéarsaíocht. Ina measc san, bhí Kate Layden ó Lios Ceanúir i gContae an Chláir ar tógadh a taifead lasmuigh den scoil i 1929.

Fuair Kate féin bás i 1929, ach dúirt a h-iníon Denise go rabhadar thar 'bheith tógtha leis an bhfíseán dá máthair agus gan í ach deich mbliana d'aois.

Denise Reynolds, iníon Kate Leyden

Dúirt sí chomh maith áfach, ná raibh a máthair ró-thógtha lena cuid bhéarsaíochta do cheamraí Mheiriceá. Sé dúirt a máthair léí; "Bhí filíocht breá de ghlan-mheabhair agam, ach dúradar liom an bhéarsa sin (rock a bye baby) a rá don gceamara", arsa Denise.

Tá cuid des na físeáin curtha ar taispeáint ag John Breslin ar na meáin shóisialta agus an-tóir ortha. Dúirt sé go raibh na físeáin thar 'bheith luachmhar mar go dtugann siad léargas ar leith dúinn, le fuaim, ar shaol na ndaoine go nádúrtha in Éirinn ag an am.

"Feiceann tú daoine lá aonaigh sna bailte beaga, daoine ag baint móna agus an gnáth-mhódh taistil ag an am, capal is trucail. Is cartlann thar a bheith luachmhar é", arsa John. Tá súil aige cúnamh a fháil chun a thuilleadh don gcartlann a dhathú sna míonna roghainn.

Griangrafanna le caoinchead Chartlann Ollscoil South Carolina. Beidh tuairisc ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 tráthnóna