skip to main content

"Laghdú 1% ar mheánluas cothrom le laghdú 4% ar thimpistí marfacha" - Gardaí

Pointí seiceála ar bhóithre tuaithe amárach
Pointí seiceála ar bhóithre tuaithe amárach

Deir na Gardaí go mbeidh pointí seiceála acu ar bhóithre tuaithe an lá ar fad amárach, mar chuid d'fheachtas náisiúnta lae chun dul i ngleic le róluas.

Is ag díriú ar bhóithre tuaithe go háirithe a bheifear mar gur ar bhealaí a bhfuil luasteorainn 80 ciliméadar san uair orthu a tharla 80% de thimpistí marfacha go dtí seo i mbliana.

Idir 7 a chlog ar maidin amárach agus 7 a chlog ar maidin Dé hAoine go háirithe a bheas na Gardaí i mbun pointí seiceála.

Tá súil acu go gcuirfidh an feachtas i luí gaidhte ar thiománaithe moilliú agus go mbeidh fios ceannaigh feasta ag an dream a mbéarfaidh siad orthu ag róluathú.

Tá an líon daoine a mharaítear de bharr tionóiscí bóthair sa Stát ardaithe beagán gach aon bhliain le trí bliana.

113 a maraíodh ar na bóithre go nuige seo i mbliana.

Déanann beagán mórán, dar leis an gCeannfort Thomas Murphy ó bhiúró póilíneachta bóithre an Gharda Síochána.

Dá mbeadh laghdú 1% ar mheánluas tiománaithe, a dúirt sé, is amhlaidh a bheadh laghdú 4% ar thimpistí marfacha dá bhíthin.

Go neamhbhalbh a labhair Sam Waide ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ar thábhacht an fheachtais.

Mhaígh sé go marófaí ar an mball naonúr as gach deichniúr coisithe dá mbuailfeadh gluaisteán iad a mbeadh luas 60 ciliméadar san uair fúithi.

Os a choinne sin, a dúirt sé, thiocfadh naonúr as gach deichniúr coisithe slán dá mba luas 30 ciliméadar san uair a bheadh faoin ngluaisteán.