Tá fáilte curtha ag Grúpa Gnímh an N4 i gCo Shligigh roimh oscailt oifigiúil an débhealaigh úr €140 milliún idir Cúil Mhuine agus Béal Átha na gCarraigíní.
Is cuid den bhóthar náisiúnta idir Sligeach agus Baile Átha Cliath an débhealach cúig chiliméadar déag a tógadh taobh istigh de dhá bhliain.
Maraíodh 31 duine de bharr tionóiscí ar an stráice den bhóthar le 30 bliain agus throid an grúpa áitiúil feachtas láidir ar son a athchóirithe.
"Spreagfaidh an bóthar nua seo fás agus forbairt inbhuanaithe sa réigiún chomh maith, a mheallfaidh tuilleadh infheistíochta agus fostaíochta go Sligeach agus go dtí an t-iarthuaisceart," a mhaígh an Taoiseach Micheál Martin agus an débhealach á oscailt go hoifigiúil aige.

Dúirt Cormac O'Rourke, cathaoirleach Bhonneagar Iompair Éireann, gur sampla den scoth é tionscadal an N4 de na huasghráduithe atá de dhíth ar an líonra náisiúnta bóithre de réir Thionscadal Éireann 2040.
In 2009, chuir grúpa áitiúil anseo crosa bána feadh an tseanbhealaigh le haird a tharraingt ar líon na dtimpístí marfacha.

Dúirt Bernard Mulhern ón ghrúpa gur lá dubh agus geal é inniu:
"Bhunaigh muid an grúpa feachtais le brú a chur ar an Rialtas agus ar Chomhairle Chontae Shligigh bóthar nua a thógáil agus buíochas le Dia tá sé oscailte inniu.
"Tá súil againn go mbeidh sé i bhfad níos sábháilte do gach tiománaí anois, tá an bóthar is fearr san iarthar againn gan dabht."
Cuimhníodh sna hóráidí uile inniu ar na daoine a maraíodh agus a gortaíodh i dtimpistí ar an seanbhealach.
Mar chuid den fhorbairt, leagadh amach glasbhealach 3.4 ciliméadar agus beidh deis bealach rothaíochta aon chiliméadar déag a fhorbairt i ndeas dó amach anseo.