Deir an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte gur gá tuilleadh feabhais a chur ar rialáil agus ar bhainistiú na seirbhíse gínéiceolaíochta in Ospidéal na hOllscoile i Leitir Ceanainn lena chinntiú nach mbeidh mná a bhaineann leas as i gcontúirt.
Tugtar an méid seo le fios in athbhreithniú a rinneadh ar shocruithe máithreachais san ospidéal agus i ngrúpa ospidéal Saolta agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Baineann an t-athbhreithniú le scrúdú neamhspleách a rinne an Dr John Price anuraidh ar chás ochtar ban ar tuairiscíodh fúthu go raibh moill ar ailse inmheitriam a aimisiú iontu in Ospidéal Leitir Ceanainn. Fuair beirt de na mná seo bás.
Dúradh i dtuarascáil Price nach raibh cúram ná cóir leighis sásúil san ospidéal do mhná a raibh ailse inmheitriam orthu agus go rabh moill ar an chúram.
Mhol an Dr Price ina thuarascáil athbhreithniú a dhéanamh ar chóras atreoraithe agus triáise do mhná; feabhas a chur ar mhodhanna oibre d’othair inchónaitheacha agus lae; agus bainistiú níos fearr a dhéanamh ar liostaí feithimh do mhná torracha.
Deirtear sa tuarascáil a d'fhoilsigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte inniu gur cuireadh feabhas ar an tseirbhís d'othair sheachtracha gínéiceolaíochta agus gur laghdaíodh liostaí feithimh ó foilsíodh tuarascáil Price.
Os a choinne sin, áfach, deir an tÚdarás go bhfuil laigeachtaí go fóill i rialáil, i bpróiseáil agus i maoirseacht caighdeán i ngrúpa ospidéal Saolta.
Glacann an tÚdarás leis, a deirtear, go raibh Ospidéal Leitir Ceanainn buailte go dona ag an phaindéim Covid- 19 sula ndearnadh an t-athbhreithniú agus ina dhiaidh.
Mar sin féin, caithfear an feabhas a rinneadh a thabhairt i gcrann agus a bhuanú le go mbeidh muinín ag mná as an tseirbhís ghínéiceolaíochta feasta, a deirtear.
Dúirt príomhfheidhmeannach Saolta Tony Canavan go bhfuil sé dóchasach gur féidir na moltaí a chur i bhfeidhm:
"Tá na moltaí i dtuarascáil Price curtha i bhfeidhm go mór anois. D'fhoilsigh muid an tuarascáil sin i Lúnasa 2020 agus tá feabhas mór curtha ar na seirbhísí i Leitir Ceanainn.
"Mar shampla, tá obrádlann nua ansin agus d’oscail siad seirbhís nua ghínéiceolaíochta agus mar gheall air sin tá feabhas mór tagtha ar na liostaí feithimh.
"Anuraidh, bhí 17,000 othar ar an liosta agus inniu tá 570 ar an liosta sin. Níos tábhachtaí ná sin, is féidir a rá go bhfuil coinne agus diagnóis ar fáil taobh istigh d'ocht seachtainí d’aon bhean a bhfuil amhras go bhfuil ailse inmheitriam uirthi ... .
"Ach maidir le tuarascáil an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte inniu, deir siad go bhfuil i bhfad níos mó oibre le déanamh.
"Mar shampla, ba cheart dúinn na fadhbanna atá sna hospidéil a fheiceáil go luath agus tacaíocht oiriúnach a chur ar fáil. Táimid ag cur na córais bhainistíochta i bhfeidhm le sin a dhéanamh."
Dúirt an tráchtaire sláinte Marie O’Connor, áfach, gur minic nár cuireadh acmhainní cuí ar fáil do mhná:
"Dar le foinse údarásach inmheánach, bhí iarrachtaí ar bun le blianta fada sular tharla an chéad tubaiste in Ospidéal Leitir Ceanainn in 2018 le clinic sheachtrach a mhaoiniú chun scrúdú ceamara a dhéanamh ar mhná a bhí ag cur fola go mírialta. Níor cuireadh an t-airgead ar fáil."