Tá an ceoltóir mór le rá Paddy Moloney tar éis bháis. Bhí sé 83 bliain d'aois. Leis na Chieftains is mó atá sé luaite, buíon cheoil a thug sé le chéile beagnach trí scór bliain ó shin.

B'as Domhnach Cearna i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Paddy Moloney.

D'fhoghlaim sé ceol óna mhuintir agus ina dhiaidh sin mhúin an píobaire aitheanta Rowsome an phíb uilleann dó.

Bhain na Chieftains cáil idirnáisiúinta amach faoi stiúir Paddy Moloney. Bronnadh go leor duaiseanna orthu, sé cinn de Grammys ina measc.

Dúirt Taisce Cheol Dúchais Éireann gur chuir Paddy Moloney go mór leis an gceol traidisiúnta sa tír seo agus gur oidhreacht iontach atá fágtha le huacht aige.