50 bliain is an lá inniu a bunaíodh páirtí aontachtach an DUP sa Tuaisceart ach an bhfuil cúis cheiliúrtha acu agus tacaíocht an pháirtí tite go mór?
Gan trácht ar an phrotacál a gcuireann go leor daoine an milleán ar an DUP faoi, hathraíodh ceannaire an pháirtí roinnt uaireanta i mbliana agus tá baol ann nach mbeidh siad ar an pháirtí is mó i dtoghchán comhthionóil Stormont na bliana seo chugainn.
Bhí cáil ar bhunaitheoir an pháirtí Ian Paisley nach maireann mar dhuine nach ngéillfeadh riamh do rud ar bith Éireannach agus nár chuir a fhuath don Chaitliceachas i bhfolach.
Fuair an DUP an lámh an uachtar ar Pháirtí Aontachtach Uladh in 2003 agus de réir a chéile d'athraigh meon Ian Paisley.
Chuaigh sé isteach i gcumhacht le Sinn Féin ach sa deireadh bhrúigh a chomhghleacaithe sa pháirtí amach é agus tháinig Peter Robinson i gcomharbacht air.
Le linn réimeas Arlene Foster mar cheannaire tharla an chonspóid faoin scéim in-athnuaite teasa, thit forais Stormont ar feadh trí bliana agus rinne an DUP socrú le Rialtas na Breataine leis an pháírtí Caomhach a choinneáil i gcumhacht.
Tharla Breatimeacht ansin agus threisigh míshuaimhneas i measc aontachtóirí de bharr an phrotacáil.
Tugadh bata agus bóthar d’Arlene Foster, níor mhair réimeas Edwin Poots rófhada agus Jeffrey Donaldson atá ag stiúradh an pháirtí anois.
Is é an DUP an t-aon pháirtí sa Tuaisceart a bhí i bhfabhar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.
Tá aontachtóirí míshásta leis an phrotacál a chreideann siad a scarann an Tuaisceart ón chuid eile den Ríocht Aontaithe.
Léirigh na pobalbhreitheanna is deireanaí go raibh tacaíocht chomh híseal le 13% ag an DUP, rud a d'fhágfadh dá mbeadh toghchán ann anois nach mbeadh siad ar an pháirtí is mó sa chomhthionól.
I mí na Bealtaine na bliana seo chugainn atá sé beartaithe toghchán comhthionóil Stormont a ghairm.