Míthapa leighis an fíorasc a tugadh ag coiste cróinéara i gcás mná a bhásaigh tar éis di leanbh a thabhairt ar an saol in Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo anuraidh.
Cailleadh Nayyab Tariq, 28 bliain d'aois, san ospidéal ar an 22 Márta 2020.
Dúradh go raibh aimhréidheanna ag baint lena placaint tar éis di a leanbh iníne a thabhairt ar an saol.
Theip ar lucht leighis faoi dhó an phlacaint a bhaint amach, agus ina dhiaidh sin cheadaigh Nayyab Tariq i scríbhinn dóibh iarracht a dhéanamh í a bhaint amach de láimh.
Ag an gcoiste cróinéara inniu, dúirt an paiteolaí an Dr Fadel Bennani go raibh aicíd neamhchoitianta ar Nayyab Tariq a d'fhág go raibh sí ag cur fola go fras tar éis na breithe.
Dúradh gur chaill sí beagnach 2.8 líotar fola agus gurbh é an rith fola seo ba thrúig bháis di.
Dúirt aturnae Ayaz Ul Hassan, fear céile Nayyab Tariq, nár chloígh an fhoireann le roinnt prótacal agus iad ag tabhairt aire dá bhean.
Mhaígh abhcóide Fheidhmeanancht na Seirbhíse Sláinte, áfach, go ndearna an fhoireann gach a bhféadfaidís agus nach raibh aon neart acu ar bhás na mná.
Thug Cróinéir Mhaigh Eo Pat O’Connor le fios gur cosúil go raibh an rith fola a bhain do Nayyab Tariq ceilte agus nár tháinig sé chun solais ainneoin go raibh an fhoireann ag déanamh monatóireachta ar an othar.
Dúirt sé go raibh súil aige go gcuirfí i bhfeidhm na moltaí a rinneadh in athbhreithniú inmheánach a rinne Feidhmeanancht na Seirbhíse Sláinte faoin gcás.