skip to main content

Arm na Breataine ar aire agus peitreal gann thall

Imní faoi sholáthairtí peitril sa Bhreatain
Imní faoi sholáthairtí peitril sa Bhreatain

Tá Rialtas na Breataine ag iarraidh ar an arm thall a bheith ar aire le cúnamh a thabhairt má bhíonn fadhbanna le soláthar breosla.

Bhí scuainí ag staisiúin peitril in áiteanna sa Bhreatain arís inniu.

Tá suas le 150 tancaer míleata ag ullmhú chun breosla a thabhairt go staisiúin nach bhfuil aon ola fágtha iontu mar go bhfuil an oiread sin daoine á ceannach.

Tharla an t-éileamh mar go bhfuil eagla ar dhaoine nach mbeidh fáil acu ar bhreosla toisc ganntanas tiománaithe leoraí a bheith ann.