Tá a achomharc i gcoinne a eiseachadta go hÉirinn caillte ag Gerard Hutch, nó an 'Monk' mar is fearr aithne air.
Rialaigh triúr breithiúna i gCúirt Náisiúnta sa Spáinn tráthnóna go seasann an Barántas Gabhála Eorpaigh a bronnadh ar Hutch i mí Lúnasa.
Ba ag an tráth sin a ghabh póilíni an 'Monk' i mbaile Fuengirola ar an Costa Del Sol.
Tá na gardaí ag iarraidh go n-eiseachadfaí Hutch (57) mar go bhfuiltear ag iarraidh é a cheistiú faoi dhúnmharú an choirpigh David Byrne (34) in óstán an Regency i mBaile Átha Cliath i bhFeabhra na bliana 2016.

David Byrne, an coirpeach a maraíodh sa ruathar ar óstán an Regency i 2016
Teastaíonn ón Stát anseo freisin go gcuirfí Hutch ar a thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta, má tá dóthain fianaise ann le sin a dhéanamh.
Má chiontaítear Hutch áfach, beidh cead aige filleadh ar an Spáinn lena thréimhse príosunachta a chur isteach.
Tá stádas cónaitheach sa Spáinn ag Gerard Hutch, agus deir na húdaráis ansin go n-íocann sé a chuid cánach sa Spáinn ina ainm féin.