skip to main content

Lucht míoca Dhún na nGall ar cipíní de bharr éiginnteachta

Caint an Tánaiste ar chúiteamh míoca cáinte
Caint an Tánaiste ar chúiteamh míoca cáinte

Sa Dáil inniu, cháin an Teachta Pádraig Mac Lochlainn ó Shinn Féin an méid a dúirt an Tánaiste Leo Varadkar faoi chúiteamh do dhaoine a bhfuil a dtithe millte ag brící lochtacha míoca agus piríte.

Bhí sé le rá ag Leo Varadkar inné gurb iad cáiníocóirí na tíre ar deireadh a íocfas an éiric agus a sheasfas an costas.

Chuir Pádraig Mac Lochlainn i leith Leo Varadkar gur ag seanmóireacht le daoine atá ag fulaingt de bharr na faidhbe a bhí sé.

Mhaolaigh an Tánaiste an chaint sin inniu, á rá nach ag cur cúitimh iomláin as an áireamh a bhí sé.

Tá an Rialtas le cinneadh a dhéanamh faoi chúiteamh iomlán seachtain ó amárach - an lá deireanach den mhí - ach tá lucht feachtais i nDún na nGall amhrasach agus ar tinneall.

Mhaígh Michael Doherty ón Ghrúpa Gníomh Míoca i nDún na nGall gur mór an difríocht idir an méid a tháinig ó chroí an Tánaiste inné agus óna chloigeann inniu.

Dúirt sé go bhfaca an Tánaiste lena shúile féin an damáiste a rinneadh do thithe nuair a thug sé cuairt ar Inis Eoghain.

Ar an drochuair, a dúirt an Dochartach, ní hí seo an chéad uair ag Leo Varadkar a bheith ag dul siar is aniar anonn is anall faoin gceist.

Ar stáisiún raidió Highland Radio i nDún na nGall ar maidin, dúirt an Teachta Dála Joe McHugh ó Fhine Gael, áfach, nach raibh ann ach gur ag fanacht le scéala ó Fianna Fáil a bhí an Tánaiste.

Mhaígh sé go bhfuil Leo Varadkar ag fanacht leis an tuairisc dheireanach faoin scéal ón Aire Tithíochta Darragh O'Brien.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath ó Fhianna Fáil go bhfuil súil aige go gcuirfear dlús leis an scéim chúitimh 90% atá ann faoi láthair.

Tá léirsiú mór eile i mBaile Átha Cliath coicís ón Aoine seo chugainn á bheartú ag an Ghrúpa ar son Cúitimh 100%, mura dtiocfaidh dea-scéala idir an dá linn.