Tá sé i gceist ag an Aire Leanaí agus Comhionannais Roderic O'Gorman an scéim chúitimh dóibh siúd a chaith am in Árais Máithreacha agus Naíonán a leathnú.

Tuairisicíodh ar an Irish Times inniu go mbeidh mná a chaith níos lú ná sé mhí sna hárais agus a bhí iontu i ndiaidh 1974 i dteideal iarratas a dhéanamh ar an chúiteamh má ghlacann an Rialtas le plean an Aire O'Gorman.

Moladh i dtuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán a foilsíodh i dtús na bliana, áfach, gur mná a chaith níos mó ná sé mhí sna hárais a bheadh i dteideal cur isteach ar chúiteamh.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly go gcaithfidh an Rialtas a chinntiú nach n-idirdhealófar na mná a chaith seal sna hárais agus na leanaí a rugadh iontu nuair atá rún an Aire O'Gorman á mheas acu:

"Rinne an Coimisiún idirdhealú idir aoiseanna áirithe agus blianta áirithe.

Thagair siad freisin do mhná a bhí sna hárais leo féin gan páistí, agus ansin do pháistí a saolaíodh iontu agus a chaith am iontu i ndiaidh dá máthair an t-áras a fhágáil.

Ní féidir glacadh le hidirdhealú mar seo."

Dar le Catherine Connolly, a bhí an-cháinteach ar an tuarascáil nuair a foilsíodh í i mí Eanáir, gur cheart go mbeadh aon duine a bhí i gceann de na hárais i dteideal dul os comhair aon choimisiúin a bhunófaí lena a scéal a inseacht agus cúiteamh a fháil.

Dúirt urlabhraí ó Ghrúpa Marthanóirí Áras an Bon Secours i dTuaim le Nuacht RTÉ/TG4 gur cúis díomá dóibh gur sceitheadh an scéal seo leis na meáin.

Is cosúil go bhfuil cibé duine a sceith é beag beann ar mhothúcháin na marthanóirí agus na ndaoine a saolaíodh iontu, a dúirt an t-urlabhraí.

Aréir, scríobh Roderic O’Gorman chuig marthanóirí á rá cé go mbeadh tuairimíocht faoin scéim chúitimh sna meáin nach raibh aon socrú déanta.

Cuirfidh sé na moltaí faoi bhráid an Rialtais i dtús Dheireadh Fómhair, a dúirt sé.

Duirt an Roinn Comhionannais agus Leanaí linn inniu nach bhfuil sé i gceist acu trácht ar an méid a tuairiscíodh ar an Irish Times.