Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna gur taifeadadh 1,423 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

286 othar le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre, ar ghualainn 297 inné. Tá 63 acu in aonaid dianchúraim, mar a bhí inné.

Dearbhaíodh inniu chomh maith go bhfuil ceathrar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,145 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,513 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 228,441 duine ó thús na paindéime.

Tá 384 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, i gconchlann le 379 inné. Tá 32 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos lú ná inné.