Tugadh beirt fhear as Doire os comhair cúirte agus iad cúisithe i ndúnmharú an iriseora Lyra McKee sa chathair dhá bhliain go leith ó shin.

Sin iad Gearóid Cavanagh, 33 bliain d'aois, agus Jordan Devine, 21 bliain d'aois. Is ar nasc físe a bhí an bheirt os comhair na cúirte inniu.

Lámhachadh agus maraíodh Lyra McKee le linn círéibeacha i gceantar an Chreagáin i nDoire ar an 18 Aibreán 2019.

Dúirt an grúpa ar a dtugtar an tIRA Nua gurb iad a mharaigh Lyra McKee, a bhí 29 bliain, ach gur de thaisme é.

Sa chúirt inniu, chomh maith le dúnmharú, cúisíodh Gearóid Cavanagh agus Jordan Devine in arm tine agus armlón a bheith ina seilbh acu agus rún acu beatha a chur i mbaol.

Tá coireanna eile a deirtear a tharla le linn na gcíréibeacha curtha i leith na beirte fosta.

Dúirt dlíodóir ionchúisimh go gcreideann na póilíní go raibh an bheirt fhear in éindí leis an té a scaoil an piléar a mharaigh Lyra McKee.

Dúirt dlíodóirí na gcúisithe go bhfuil cás an ionchúisimh lag.

Scaoileadh saor an bheirt ar bannaí agus tabharfar os comhair cúirte arís iad ar an 7 Deireadh Fómhair.