skip to main content

Baol ar Stormont a scor faoi Dheireadh Fómhair

Tá ceannaire an DUP ag bagairt institiúidí Stormont a scor faoi mhí Dheireadh Fómhair muna leasaítear Protacál Thuaisceart Éireann.

Scriopt

Tá ceannaire an DUP ag bagairt institiúidí Stormont a scor faoi mhí Dheireadh Fómhair muna leasaítear Protacál Thuaisceart Éireann.

Deir Rialtas Westminster go gcuirfidh sé reachtaíocht don Ghaeilge sa Tuaisceart i bhfeidhm an mhí chéanna.

Inné, dúirt Jeffrey Donaldson go bhfuil geallúint Westminster faoin nGaeilge aontaobhach.

Ina sheal gairid mar cheannaire ar an DUP ní raibh Edwin Poots sásta gealltanas a thabhairt go dtabharfaidh reachtaíocht Ghaeilge isteach roimh thoghchán na bliana seo chugainn.

Chun toghchán luath a sheachaint d'aontaigh Rialtas na Breataine le hiarratas Shinn Féin reachtaíocht a thabhairt isteach i Westminster muna dtabharfadh Stormont isteach é roimh dheireadh na míosa seo.

Is léir nach bhfuil sin ag dul ag tarlú agus míshástacht curtha in iúl ag ceannaire an DUP go bhfuil Rialtas na Breataine ag dul a thabhairt isteach pacáiste cultúrtha ach nach bhfuil siad ag dul ag cosaint margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe trí athruithe a dhéánamh ar an phrotacál.

Níor thug Jeffrey Donaldson spriocdháta ar cén uair a shiúlfadh an páirtí amach as Stormont muna ndéanfar athraithe ar an phrotocál ach dúirt gur seachtainí agus ní míonna atá i gceist a thabharfadh le fios gur nuair a thabharfas Rialtas Westminster reachtaíocht teanga isteach gur sin an sprioc-am.

Bhí Maras Sefcovic ar a lá deireanach ar cuairt anseo.

Bhí léirsiú beag ag Ollscoil na Ríona áit a dtug sé óráid.

Agus arís chuir sé béim ar gur Brexit an fhadhb agus ní an protacál agus dúirt go gcruthódh idirbheartaíocht úr ar an phrotacál neamhsheasmhacht agus neamhchinnteacht.