D'fhreagair oibrithe deonacha san eagraíocht charthanachta na Samáraigh glao ar chúnamh gach 56 soicind anuraidh, a deirtear sa tuarascáil is deireanaí ón gcarthanas.
Mífholláine intinne, uaigneas agus imní faoi Covid-19 na nithe ba mhó a bhí ag cur as do dhaoine a ghlaoigh ar na na Samáraigh in 2020, a deirtear.
Chaith 2,300 oibrí deonach os cionn 100,000 uair an chloig ag plé le breis agus 560,000 glao agus ríomhphost anuraidh.
Chuir na Samáraigh seirbhís tacaíochta ar fáil freisin don eagraíocht seandaoine ALONE agus d'Éireannaigh thar lear.
Tá an tseirbhís ar fáil do dhaoine ón tír seo atá ag cur fúthu in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, sa tSín, i Hong Cong agus sa Pholainn.
An Nollaig seo caite, cuireadh an tseirbhís ar fáil chomh maith d'Éireannaigh i gCeanada agus san Astráil.
Dúirt stiúrthóir feidhmiúcháin na Samárach Niall Mulligan siúd is go bhfágfaidh an phaindéim lorg ar an bpobal go ceann roinnt blianta eile go bhfuil tacaíocht ar fáil do dhaoine atá ag brácáil leis an saol agus nach bhfuil tuile éadóchais dá mhéad nach dtránn.
Is féidir glaoch ar na Samáraigh ar 116 123