Tá ómós tugtha go forleathan don chraoltóir RTÉ Donncha Ó Dúlaing atá tar éis bháis ina aois a ocht mbliana agus ceithre scór.

Dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins gur chraoltóir a raibh an-ghean ag an bpobal air Donncha Ó Dúlaing agus gur dhuine é de ghlúin cheannródaíoch láithreoirí agus iriseoirí a mhúnlaigh an chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn.

Táimid go mór faoi chomaoin aige as ucht a ndearna sé ar son chultúr na hÉireann, arsa an tUachtarán, go háirithe i réimsí an cheoil agus na lúthchleasaíochta.

B'as Dún ar Aill i dtuaisceart Chorcaí ó dhúchas Donncha Ó Dúlaing a chuir cláir éagsúla i láthair ar RTÉ ó thús na seascaidí go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 2015.

Bhí an-tóir ag an bpobal ar a chlár ceoil Fáilte Isteach agus ar a chlár faeiléireachta Highways and Byways a cuireadh amach ar an raidió agus an teilifís araon.

Donncha Ó Dúlaing sa Daingean, Co Chiarraí, 1980

I gcaitheamh na mblianta, chuir Donncha Ó Dúlaing agallamh ar a lán daoine aitheanta - Éamon de Valera, an Pápa Eoin Pól II, Mick Jagger, Gene Kelly, Siobhán McKenna, Maureen O'Hara, Christy Ring agus John Steinbeck ina measc.

Bhailigh Donncha Ó Dúlaing go leor airigid ar son eagraíochtaí carthanachta chomh maith trí bhíthin oilithreachtaí fud fad na tíre a dhéanamh.

Bhronn an tUachtarán Higgins dealbh a coimisiúnaíodh go speisialta ar Dhonncha Ó Dúlaing in Áras an Uachtaráin in 2014 mar chomhartha aiteantais as a chuid oibre.

Mhol ceannasaí RTÉ Raidió a hAon Peter Woods Donncha Ó Dúlaing go hard, á rá gur "dhuine de chliar na Tána a bhí ann" agus dúirt "nach mbeidh a leithéid arís ann."

Maireann ceithre mhac le Donncha Ó Dúlaing. Bhásaigh a iníon Sinéad in 2010 agus cailleadh a bhean chéile Vera an tseachtain seo caite.