Tá leabhar comhbhróin le hoscailt i nDoire in ómós Pat Hume - baintreach iarcheannaire an SDLP John Hume - a cailleadh inné.
Bhí Pat Hume 83 bliain d'aois agus bhí sí tinn le tamall gairid. Cailleadh a fear céile i mí Lúnasa anuraidh.
Tá ómós tugtha go forleathan di. Dúirt Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins gur chuir Pat Hume go mór leis an saol sa tír seo agus i gcríocha eile.
Dúirt iar-rúnaí stáit na Stát Aontaithe Hillary Clinton gur teann ar chúl an phróisis síochána in Éirinn ab ea Pat Hume.
Fuair Pat Hume gnaoi na bpolaiteoirí ó thuaidh freisin. Dúirt ceannaire an SDLP Colum Eastwood gur bhean mhisniúil í a thug sólás do neart daoine i gcaitheamh na coimhlinte sa Tuaisceart.
Thug an LeasChéad-Aire Michelle O'Neill ó Shinn Féin ómós do Pat Hume freisin á rá gur dhuine í a rinne obair ábhalmhór ar son na síochána.
Mhol an DUP, Páirtí Aontachtach Uladh agus Páirtí an Alliance Pat Hume go hard chomh maith.
Tá an leabhar comhbhróin le hoscailt inniu i Halla Cathrach Dhoire.