Tá a ndara bonn óir buaite sa rothaíocht beirte ag Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal na hÉireann ag na Cluichí Parailimpeacha i dTóiceo.
Tháinig an dís sa chéad áit sa Rás Bóthair B ar Luasrian Idirnáisiúnta Fuji atá suite ag bun an bhánchnoic mhóir siar ó dheas ón bpríomhchathair.
Más ea féin, níor leo an báire ón tús mar bhí beirt na Breataine Sophie Unwin agus Jenny Holl san iomaíocht leo go dtí an deireadh.
Go deimhin, bhí an dá dhís ag crinneadh a chéile go dtí an chuaird dheireanach nuair a thug na hÉireannaigh rúid ghaisciúil ar an gceann cúrsa.
Is as Dún na nGall athair Katie-George agus is i Sasana a tógadh í. Is as Baile na Lorgan, Dún Dealgan, Co Lú, í Eve agus is Garda Síochána í i mBéal Átha Beithe, Co Mhuineacháin.
Tá bonn óir cheana féin ag an mbeirt ó bhuaigh siad an Triail Ama B Dé Máirt seo caite. Bhain siad bonn airgid i rás eile fós trí lá roimhe sin.
Katie-George Dunlevy (stócálaí) agus Eve McCrystal (píolóta)
I ndiaidh an rása, dúirt Katie-George gur thapaigh siad an deis ar an gcuaird dheireanach luas a thógáil agus réabadh chun cinn ar a gcéilí comhraic.
Dúirt Eve gur éacht níos fearr fós a bhí ann mar go ndeachaigh sé chomh dian uirthi mar phíolóta treabhadh ar aghaidh sa bháisteach.