Bhí cainteanna inniu ag an Aire Leanaí Roderic O'Gorman le daoine a bhí san Áras Máithreacha agus Naíonán i dTuaim, Co na Gaillimhe, maidir le coirp na mbunóc a cailleadh san áit a thógáil as uaigheanna ansin.
Tá sé ceithre bliana ó rinneadh tochailt ar an suíomh a síltear a bhfuil leanaí a bhásaigh in Áras na Siúracha Bon Secours curtha ann, ach níor dí-adhlacadh aon choirp go fóill.
Cé go bhfuil roinnt marthanóirí den bharúil gur cheart na coirp a fhágáil mar a bhfuil siad, creideann formhór na ndaoine a rugadh san áras agus atá fós beo gur cheart iad a dhí-adhlacadh agus iad a adhlacadh arís faoi ómós.
Bhuail an tAire O'Gorman le roinnt marthanóirí ag an láthair i dTuaim ar maidin agus bhí cruinnithe aige ina dhiaidh sin le grúpaí beaga eile in óstán ar an bhaile. Thaistil roinnt ban a rugadh in Áras Bessborough i gCorcaigh go Tuaim le labhairt leis chomh maith.
Tar éis na gcruinnithe, dúirt marthanóirí le Nuacht RTÉ/TG4 go raibh díomá orthu nár tógadh aon mhiontuairiscí lena linn agus dá bhrí sin nach bhfuil aon taifead ann den mhéid a dúradh.
Catherine Corless, Roderic O'Gorman i dTuaim inniu
Dúirt an staraí áitiúil Catherine Corless, a chuir scéal Áras Thuama i mbéal an phobail, gur cosúil go bhfuil moilleadóireacht ar bun ag an Rialtas i dtaca leis an reachtaíocht a cheadódh dí-adhlacadh a dhéanamh ar na coirp.
Tá an Bille um Adhlacthaí Institiúideacha scrúdaithe ag coiste Dála ach níor cheadaigh an Dáil é go fóill.
Dar le Catherine Corless nach bhfuil aon toil ann - i measc Airí Rialtais - an bille a bhogadh chun cinn agus dá bhrí sin gur deacair do na marthanóirí glacadh le haon ghealltanas ón Rialtas níos mó.
Dúirt an tAire Leanaí le Nuacht RTÉ/TG4, áfach, go dtuigeann sé an beophianadh atá ar dhaoine faoin mhoill atá ar an Bhille ach go bhfuil cuid mhór oibre ar bun faoi láthair ar ghnéithe eile den scéal, mar atá, a chinntiú nach mbeidh an próiseas cúitimh do mharthanóirí naimhdeach ná dian orthu.
Dúirt sé fosta go bhfuil an Roinn Leanaí ag obair go crua ar an Bhille um Eolais Breithe agus Rianaithe, bille atá cáinte ag ionadaithe daoine a uchtaíodh.
Maidir leis na trialacha vacsainí a rinne comhlachtaí ar nós GlaxoSmithKlein in árais mháithreacha agus naíonán, dúirt an Gormánach go dtuigeann sé go bhfuil an próiseas faoina ndéanann daoine iarratas ar a dtaifid leighis leis an Roinn Sláinte, go bhfuil an próiseas sin amscaí.
Mhaígh sé nach bhfuil sé sásta go bhfuil sé chomh casta sin agus go bhfuil an Roinn Sláinte agus an Roinn Dlí agus Cirt ag féachaint leis an rialachán áirithe sin a leasú.