Maraíodh ceithre dhuine dhéag ar a laghad i Nua-Eabhrac de bharr maidhmeanna tuile agus Stoirm Thrópaiceach "Ida" ag fágáil a loirg ar oirthuaisceart na Stát Aonaithe.
Tá codanna de chathair agus de stát Nua-Eabhrac araon faoi uisce ó aréir tar éis don bháisteach titim ina tulcaí i ngiorracht aimsire.
Is iad buirgí Brooklyn agus Queens is measa a buaileadh sa chathair agus tá bóithre i Manhattan dúnta freisin
Tá stáisiúin traenach faoi thalamh líonta le huisce agus tuairiscítear gur thit ocht gceintiméadar fearthainne in imeacht uair an chloig in Central Park i gcroílár Manhattan, an méid is mó a taifeadadh ansin riamh.
Tá seirbhísí eitleán ag aerfoirt JFK agus La Guardia in Queens curtha ar ceal chomh maith.

Mótarbhealach faoi uisce i gcathair Nua-Gheirsí (Pic: Getty)
Tá staid éigeandála fógartha ag Méara agus Gobharnóir Nua-Eabhrac, Bill de Blasio agus Kathy Hochul, i bhfianaise na greadlaí atá déanta ag an stoirm ar an réigiún.
Ní taise do Nua-Gheirsí é, mar a bhfuil staid éigeandála fógartha freisin ag an ngobharnóir Phil Murphy.