Daonra measta beagán le cois cúig mhilliún duine a bhí sa Stát in Aibreán 2021, de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
Áirítear thart ar 5.01 milliún duine a bheith ag maireachtáil sa Phoblacht anois.
Seo an chéad uair a bhí an daonra níos airde ná cúig mhilliún ó rinneadh daonáireamh inchomparáide sa bhliain 1851, tráth a bhí daonra 5.11 milliún ann.
Tháinig méadú 34,000 (0.7%) ar dhaonra an Stáit sa bhliain go hAibreán 2021, sin i gcomparáid le méadú 55,900 (1.1%) sa bhliain go hAibreán 2020.
Tháinig 65,200 duine ar imirce go hÉirinn sa bhliain go hAibreán 2021. Ba náisiúnaigh Éireannacha iad 30,200 (46.3%) den dream seo, an líon is mó Éireannach a d'fhill ar an tír in aon bhliain ó 2007.
In Aibreán 2021, meastar go raibh 645,500 náisiúnach coigríche ag cur fúthu in Éirinn, sin 12.9% de dhaonra iomlán an Stáit.
Meastar go raibh daonra 1.43 milliún duine i mBaile Átha Cliath in Aibreán 2021, sin 28.5% de dhaonra iomlán an Stáit.
In Aibreán 2021, 742,300 ab ea daonra measta na ndaoine 65 bliain d'aois agus os a chionn sin, sin méadú 112,500 duine (17.9%) ar an aoisghrúpa seo ó Aibreán 2016.
Dúirt James Hegarty ón bPríomh-Oifig Staidrimh mar gheall go mbaineann na figiúirí a foilsíodh inniu leis an mbliain idir Aibreán 2020 agus Aibreán 2021 gur chóir na "tionchair dhéimeagrafacha agus shóisialta [atá] imeartha ag Covid-19" ar chúrsaí a chur san áireamh.