Leanfar den obair mar thacaíocht do na 60 saoránach atá fós san Afganastáin agus do na 15 saoránach Agfanastánacha ar áitritheoirí Éireannacha iad agus atá sáinnithe anois tar éis cuairt a thabhairt ar ghaolta.
Buíon bunaithe san ambasáid in Abu Dhabi agus ar ais i mBaile Átha Cliath a chuirfeas an tacaíocht ar fáil.
Sin é a dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney ar maidin agus é ag moladh an obair a rinne an 11 duine a bhí sa mhisean chuig Kabul á rá go ndearna siad sárobair atruach agus daonnúil agus iad ag baint aon duine arbh fhéidir as Kabul.
Deir Simon Coveney go ndearnadh na cinní cearta faoin misean agus cé go raibh riosca ag baint leo, d'éirigh leo.
Rinneadh na cinní ar bhonn fianaise agus rinneadh an chéad chinneadh gan aon fhoireann tarrthála as Éirinn a chur ann de bhun chomhairle thar na deich lá deireanach go raibh na comhpháirtíochtaí a bhí ag Éirinn thall ag oibriú i dtreo Éireannaigh a aslonnú.
Ach d'éirigh an scéal níos casta agus níos contúirtí le roinnt laethanta, a dúirt Simon Coveney, agus shocraigh sé gur gá daoine a chur ar an talamh thall le deiseanna a thapú chun saoránaigh de chuid na Éireann a thabhairt amach.
Thacaigh an Fhrainc, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe le misean na hÉireann a dúirt sé.
D'fhág an misean ar eitiltí de chuid na Fraince agus na Fionnlainne inné, tar éis fanacht go dtí nach raibh sé slán a thuilleadh. Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha nach dócha gur féidire aon sibhialtach eile a as lonnú as Kabul agus gur aslonnú míleata a bheidh ann feasta.
Bhí Simon Coveney ag labhairt ar raidió RTÉ ar maidin.