Tuairiscítear gur maraíodh roinnt daoine de bharr pléisce taobh amuigh d'Aerfort Chabúl san Afganastáin.
Dúirt an Talaban go bhfuil trí dhuine dhéag ar a laghad maraithe - páistí ina measc - agus gur ionsaí buamála ba chúis leis an bpléasc.
Dúirt siad gur gortaíodh roinnt comhaltaí den Talaban freisin.
Dar le hurlabhraí ó Rialtas Mheiriceá chomh maith gur buama ba chúis leis an bpléasc agus gur chuir an buamálaí é féin den saol.
Tuigtear go bhfuil triúr saighdiúirí Meiriceánacha i measc na ndaoine a gortaíodh.
Tuairiscítear chomh maith gur tharla pléasc eile ag óstán in aice an aerfoirt.
Tá fórsaí armtha agus taidhleoirí an Iarthair le bheith imithe as an Afganastáin faoi Dé Máirt seo chugainn agus tá na mílte dúchasach ag teitheadh ón tír in éindí leo ó tháinig an Talaban i réim arís seachtain go leith ó shin.
Bhí foláireamh tugtha ag tíortha an Iarthair dá gcuid saoránach gan dul chuig Aerfort Chabúl inniu mar go raibh ráflaí ann go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta á bheartú ag antoiscigh Ioslamacha.
Dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go bhfuil taidhleoirí agus saighdiúirí na hÉireann i gCábúl slán sábháilte.