skip to main content

"Dualgas ar CLG, an Rialtas áitiú ar dhaoine masc a chaitheamh"

Micheál Ó Muircheartaigh i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite (Pic: Getty)
Micheál Ó Muircheartaigh i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite (Pic: Getty)

D'iarr iaruachtarán Chumann Lúthchleas Gael Liam Ó Néill ar dhaoine a bheas ag dul chuig cluichí Chraobh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh as seo go ceann cúpla seachtain cumhdach aghaidhe a chaitheamh.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an Niallach go bhfuil dualgas ar CLG agus ar an Rialtas araon an teachtaireacht sin a chur ina luí ar dhaoine.

40,000 duine a bhí ag an gcluiche ceannais iománaíochta i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite, agus beidh an tinreamh céanna ann do chluichí ceannais peile na bhfear agus na mban agus don chluiche ceannais camógaíochta.

24,000 duine a ligfear isteach ann don chluiche leathcheannais peile idir Ciarraí agus Tír Eoghain arú amárach.

De réir na comhairle sláinte poiblí, ba cheart masc a chaitheamh aon áit a bhfuil go leor daoine bailithe.

I bPáirc an Chrócaigh go dtí seo, áfach, bhí daoine a chaith masc agus daoine nár chaith.

D'achainigh Liam Ó Néill ar dhaoine cloí leis na treoirlínte feasta.

Mhaígh sé gur mór an phribhléid do dhaoine ticéad a bheith acu do na cluichí i mbliana agus go bhfuil freagracht orthu dá bharr sin an rud ceart a dhéanamh.

D'iarr sé freisin ar an lucht féachána moladh do dhaoine taobh leo masc a chaitheamh.