skip to main content

Deireadh le cur le seirbhísí Ryanair in Aerfort Bhéal Feirste

Deireadh le cur le seirbhísí Ryanair i mBéal Feirste
Deireadh le cur le seirbhísí Ryanair i mBéal Feirste

Tá sé tugtha le fios ag bainistíocht Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste go ndúirt Ryanair leo nach mbeidh an aerlíne ag cur eitiltí ar fáil san aerfort tar éis Dheireadh Fómhair.

Níl sé ráite ag Ryanair fós cén fáth go bhfuil siad ag cur deireadh le seirbhísí aeir i mBéal Feirste,

Dúirt urlabhraí ó bhainistíocht an aerfoirt go bhfuil díomá orthu faoin gcinneadh, go háirithe ag am chomh míshocair seo earnáil eiteoireachta.

Ina dhiaidh sin féin, a dúirt an t-urlabhraí, ní gan choinne a tháinig an scéala agus tá pleananna cúltaca acu.

Faoi láthair, téann eilteáin Ryanair ó Bhéal Feirste go hAlicante, Málaga, Kraków, Vársá, Gdańsk agus Milano.

Beidh aerlínte eile ag dul go go hAlicante, Málaga agus Kraków go fóill, idir easyJet, Jet2 agus TUI.