Tuairiscítear gur scaoil fórsaí Mheiriceá agus na Gearmáine ar thaobh amháin agus dream armtha áitiúil ar an taobh eile roinnt piléar lena chéile ag Aerfort Chabúl san Afganastáin ar maidin.
Deirtear gur maraíodh fear áitiúil agus gur gortaíodh triúr eile san fhogha.
Tá tíortha an Iarthair ag féachaint leis na mílte daoine a thabhairt amach as an Afganastáin - idir a gcuid saoránach féin agus dúchasaigh - tar éis don Talaban teacht i réim arís breis agus seachtain ó shin.
Tá daoine scanraithe roimh dhianpholasaithe tiarnasacha an Talaban a bhí i gcumhacht cheana idir 1996 agus 2001.
Cheana féin, áirítear thart ar 30,000 a bheith tugtha amach as an Afganastáin, ó Aerfort Chabúl den chuid is mó.
Is é Arm Mheiriceá atá i gceannas an aerfoirt faoi láthair.
Cé go bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ag iarraidh saighdiúirí Meiriceánacha a bheith imithe as an Afganastáin faoin 31 Lúnasa, tá an tAontas Eorpach agus an Bhreatain ag achainí air síneadh a chur leis an marc sin.
Meastar go mbeidh an draoi daoine ag féachaint le teitheadh ón tír go ceann scaithimh eile tar éis an spriocdháta.