Ag labhairt di le Nuacht RTÉ/TG4 tráthnóna, dúirt Aoife MacManus as Co na Mí gurbh iad an Talaban agus Arm Mheiriceá a chuidigh léi agus lena comhghleacaithe imeacht as an Afganastáin go moch ar maidin inniu,

D'fhág sí Aerfort Chabúl ar eitleán tráchtála agus tá sí i bpríomhchathair na Pacastáine Islamabad anois.

Dar le hAoife go bhfuil "Islamabad níos ciúine ná Cabúl anois, buíochas le Dia!

"Shroich mé an t-aerfort aréir le cabhair ón Talaban, mar tá siad ag tabhairt cabhair do gach duine faoi láthair imeacht ... ."

Dúirt Aoife go bhfuil an Talaban ag tionlacan daoine chun an aerfoirt chun cuidiú leo an tír a fhágáil.

"Bhí an t-ádh liom gur éirigh liom dul isteach san aerfort. An deacracht atá ann faoi láthair ná dul chomh fada leis an gheata.

"D’éirigh linn, agus tháinig Arm Mheiriceá agus lig siad isteach muid. Tá mé an-bhuíoch gur éirigh liom sin a dhéanamh.

"D’fhan mé san aerfort thar oíche ag fanacht ar an eitleán agus d’imigh muid linn le breacadh an lae inniu nuair a bhí sé geal go leor leis na sléibhte a fheiceáil i gceart agus muid ag fágáil.

"Mar sin, tá mé anseo [Islamabad]. Beidh mé cupla lá ag ligean scíthe agus ansin beidh mé sa bhaile gan mhoill."

Bhí Aoife MacManus as Cill Dhéagláin, Co na Mí, ag déanamh obair charthanachta san earnáil bhunoideachais san Afganastáin le dhá bhliain.

Tá eachtrannaigh agus dúchasaigh araon ag imeacht as an tír tar éis don Talaban teacht i réim arís agus faitíos an domhain orthu roimh dhianpholasaithe tiarnasacha an rialtais úir.