Tuairiscítear gur maraíodh dáréag timpeall an aerfoirt i bpríomhchathair na hAfganastáine Cabúl le ceithre lá.

Tá na sluaite ag triall ar an aerfort ó Dé Domhnaigh féachaint le teitheadh ón Afganastáin tar éis don Talaban teacht i réim sa tír arís.

Tá sé ina chíor thuathail ag an aerfort ó shin agus fórsaí Mheiriceá ag iarraidh daoine a choinneáil amach as an áit.

Meastar gur lámhachadh roinnt den dáréag a maraíodh agus gur satlaíodh ar roinnt eile san fhuascar ar an rúidbhealach.

D'iarr an Talaban ar dhaoine ag an aerfort dul abhaile agus gheall siad nach n-imreoidís díoltas ar aon dream a chuir ina n-aghaidh roimhe seo.

Mhaígh na Meiriceánaigh, áfach, go bhfuil an Talaban ag dul siar cheana féin ar ghealltanais eile a thug siad.

Dar leis na Meiriceánaigh nach bhfuil cead ag daoine a bhí ag obair ar a son san Afganastáin imeacht as an tír.

Tá daoine ag teitheadh ón Afganastáin agus faitíos orthu roimh dhianpholasaithe tiarnasacha an Talaban.

Thug urlabhraí sinsearach an Talaban le fios ag preasócáid arú inné nach mbeidís chomh dian ar dhaoine agus a bhí nuair a bhí siad i gcumhacht cheana idir na blianta 1996 agus 2001.