Tá míshásacht i gCo Chorcaí toisc nach mbeidh cead ach ag leathmhíle duine freastal ar Chraobh Peile an Chontae.

Tá CLG Ghleann Bearcháin le himirt in aghaidh CLG Raonaithe Nemo ar an 29 Lúnasa i bPáirc Uí Chaoimh agus tá díoma léirithe nach mbeidh cead ag formhór a lucht leanúna a bheith i láthair

Craobh peile 2020 atá i gceist agus tá an dá chlub ag feitheamh le beagnach bliain chun an cluiche ceannais a imirt.

Bhí boird ná gclubanna dóchasach go mbeadh cead ag níos mó daoine freastal ar an gcluiche ceannais toisc go raibh breis is 6,000 i láthair ag Craobh Iomanaíochta na Mumhan idir Luimneach agus Tiobraid Árann agus ag cluichí eile le linn bhabhtaí ceannais na hÉireann san iomanaíocht agus sa pheil.

Tá sé deimhnithe, áfach, go mbeidh uasteorainn 500 duine in aon staid ina bhfuil áit do 5,000 duine - nó níos mó - fós i bhfeidhim ar an 29 Lúnasa.

Tá díomá mór ar dhaoine i gCorcaigh faoin scéal agus fíorbhrú anois i dtaobh na 500 ticéad a roinnt idir an dá chlub.

Dúirt Kevin O’Callaghan, cathaoirleach CLG Ghleann Bearcháin, nach bhfuil ciall ar bith leis an srian ó tharla go mbeidh 40,000 ag freastal ar Chraobh Ceannais Iomanaíochta na hÉireann idir Corcaigh agus Luimneach i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach beag seo.

I ráiteas a thug Oifig an Taoiseach do Nuacht RTÉ/TG4 tráthnóna, dúradh go "gcuirtear bearta i bhfeidhm ag imeachtaí píolótacha chun maolú a dhéanamh ar riosca scaipthe Covid-19 lena n-áirítear tinreamh laghdaithe ... ."