In agallamh le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt iaroifigeach in Arm Mheiriceá Séamus Ó Fianghusa go bhfuil an-díomá air faoina bhfuil tite amach san Afganastáin le gairid.

Gael-Mheiriceánach as Brúclainn i Nua-Eabhrac is ea Séamus Ó Fianghusa a d'fhoghlaim Gaeilge i nGaeltacht Dhún na nGall.

Sáirsint i reisimint an 69th Fighting Irish* a bhí ann nuair a chaith sé tréimhse in oirthear na hAfganastáine sa bhliain 2010. Oifigeach i nGarda Náisiúnta Mheiriceá atá ann anois.

Ní mó ná sásta atá sé, áfach, faoin toradh ar an am agus ar an airgead atá caite ag na Meiriceánaigh sa tír sin:

"Cad chuige a raibh muid ann? Cad chuige a raibh Meiriceá agus fórsaí an iarthair san Afganastáin? Arbh fhiú é?

"Bhuel, d’fhéadfaí a rá gurbh fhiú, an fhad is nach n-éiríonn an Afganastáin ina stát sceimhlitheoireachta. Ach sin é go díreach an rud atá ag tarlú anois.

Saighdiúirí Mheiriceá ag Aerfort Chabúl (Pic: Getty)

"Ar ndóigh, i ndeireadh an lae, tá an fhreagracht ar na hAfgánaigh a dtír féin a chosnadh ach san am chéanna thug fórsaí an iarthair cuidiú dóibh le fiche bliain anuas agus thraenáil muid iad le troid ar dhóigh amháin.

"Níl sé ceart ná cóir na hacmhainní cearta a bhí de dhíth orthu a bhain díobh ar an bhomaite dheireanach. Agus táimid ag fágáil gan dóigh inár ndiaidh!?

"Chuir lear mór de na hAfgánaigh muinín san Stáit Aontaithe agus muide ag teitheadh mar sin!? Cá bhfuil an breithiúnas ceart? Cá bhfuil an dílseacht?"

Seán Ó Mathúna (Pic: Getty)

* Is iomaí Gael a bhí ina chónaí i mBrúclainn a chuaigh isteach i reisimint an 69th Fighting Irish, léithéidí Sheáin Uí Mhathúna (John O'Mahony) as Coill Bheithne, in aice le Cnoc Mór na nGaibhlte, a bhunaigh gluaiseacht na bhFiníní i Meiriceá.

Is i mBrúclainn a scríobh agus a d'fhoilsigh an Mathúnach a aistriúchán Béarla ar Foras Feasa ar Éirinn an Chéitinnigh sa bhliain 1857.

Tuairisceoireacht bhreise: Ciarán Lenoach