skip to main content

Droichead nua coisithe i nGaillimh ceadaithe

Samhail den droichead nua coisithe a thógfar i nGaillimh
Samhail den droichead nua coisithe a thógfar i nGaillimh

Tá cead tugtha ag an mBord Pleanála droichead nua do choisithe agus rothaithe a thógáil ar Abhainn na Gaillimhe.

Tá sé i gceist an droichead a thógáil thart ar 20 méadar síos an abhainn ó Dhroichead na mBradán idir Bóthar an Phríosúin agus Baile Nua Mhic Gabhann i lár chathair na Gaillimhe.

Dar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe gur cuid de Straitéis Iompair na Gaillimhe an droichead nua agus go gcuideoidh sé le hiarrachtaí an brú tráchta sa chathair a mhaolú agus astaíochtaí carbóin a laghdú.

Rialaigh an Bord Pleanála i mí Mheán Fómhair anuraidh nach gcuirfeadh an droichead nua as don chomhshaol.

Samhail den droichead nua ar Abhainn na Gaillimhe

Cuireadh in aghaidh an cheada a tugadh talamh a cheannach go héigeantach don togra, áfach, agus cuireadh an plean ar fionraí dá bharr sin.

Tarraingíodh siar an agóid níos túisce i mbliana agus tá sé deimhnithe ag an mBord Pleanála anois gur féidir dul chun cinn leis.

Dúirt Comhairle Cathrach na Gaillimhe go mb'fhéidir go dtosófaí ag tógáil an droichid go luath san athbhliain.