Tá sé deimhnithe ag an Aire Simon Coveney go bhfuil an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag cabhrú le 33 saoránach de chuid na hÉireann imeacht as an Afganastáin.

Ag labhairt dó ar stáisiún raidió Newstalk, dúirt Simon Coveney go bhfuil taidhleoirí na tíre seo ag obair ar son 25 duine fásta agus ochtar cleithiúnaithe leo a bhfuil pasanna Éireannacha acu agus atá ag iarraidh imeacht as an Afganastáin.

Tuigtear go bhfuil bean as Co na Mí Aoife MacManus ina measc.

In agallamh le Nuacht RTÉ/TG4 inné, dúirt a tuismitheoirí Jenny agus Ray Mac Mánais go bhfuil Aoife in Aefort Chabúl faoi láthair, mar a bhfuil sí ag fanacht le dul ar eitleán a thabharfas amach as an Afganastáin í.

Tá na mílte daoine ag teitheadh ón Afganastáin ó ghlac an Talaban seilbh arís ar an bpríomhchathair Cabúl Dé Domhnaigh seo caite.

Tá faitíos ar dhaoine oilte agus ar mhná ach go háirithe nach mbeidh na cearta daonna agus oibre céanna acu faoi réimeas Ioslamach an Talaban agus a bhí faoin iar-rialtas.

Tá iarrtha ag an Talaban ar dhaoine oilte gan an tír a fhágáil agus gheall siad nach sáróidh siad cearta daonna aon ghrúpa.