Dúirt muintir Aoife MacManus, bean Éireannach atá ag cur fúithi i gCabúl san Afganastáin, gur beag codladh atá déanta acu ó ghlac an Talaban ceannas arís ar an chathair.
Dúirt Jenny agus Ray Mac Mánais go bhfuil súil acu go dtiocfaidh Aoife abhaile slán sábháilte gan mhoill agus gur fada leo uathu í.
Is as Cill Dhéagláin i gCo na Mí í Aoife MacManus agus tá sí obair san earnáil bhunoideachais san Afganastáin le dhá bhliain.
Thug sí le fios, áfach, go bhfuil sí ag iarraidh pilleadh abhaile anois agus go bhfuil súil aici a bheith imithe as an tír faoi cheann lá nó dhó.
Tá sí in Aefort Chabúl faoi láthair, mar a bhfuil sí ag fanacht le dul ar eitleán a thabharfas amach as an Afganastáin í.

Jenny agus Ray Mac Mánais
Is scríbhneoir agus múinteoir aitheanta Gaeilge as Ard Eoin i mBéal Feirste é a hathair Ray Mac Manáis a bhfuil beathaisnéis iarUachtarán na hÉireann Máire Mhic Ghiolla Íosa foilsithe aige.
In agallamh le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt Jenny agus Ray go bhfuil an-imní orthu faoi Aoife.
"Bhí muid scanraithe as ár mbeatha agus tá muid fós scanraithe," a dúirt Jenny.
Dúirt siad cé gur duine spraíúil agus goilliúnach í Aoife go bhfuil sí an-láidir fosta. Is duine í, a dúirt siad, a oibríonn go maith i gcomhar le daoine eile agus agus go seasfaidh sin di sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair.
Is cuimhin lena hathair Ray a bheith ag breathnú ar thuairisc nuachta as an Afganastáin:
"De réir mar a bhí an léarscáil ag athrú datha agus an Talaban ag glacadh níos mó agus níos mó den tír ina seilbh, bhí imní níos mó ag teacht orainn.
"Nuair a thit cibé cathair i ndeisceart na tíre agus a dúirt an tuairisceoir nach raibh idir an Talaban agus Cabúl ach 120 ciliméadar de mhótarbhealach, tháinig teannas i mo bholg.
"Ní raibh sise [Aoife] ag iarraidh go mbeadh muid scanraithe, ach bhí agus tá agus beidh go dtiocfaidh sí ar ais amach as aerspás na tíre. "
Dúirt Ray go bhfuil Aoife an-chróga agus daingean ina cuid tuairimí agus go seasfaidh an diongbháilteacht sin di:
"Cé go mbíonn muid ag caint léi go rialta, cúig nó sé huaire sa lá, tá a fhios againn inár gcroí istigh nach mbeadh sí sásta a insint dúinn go bhfuil sí i gcontúirt.
"Déarfadh sí i gcónaí go bhfuil sí in áit atá daingean agus sábháilte. Tá a fhios agam go gcaithfidh muid ár muinín a chur i nDia. Go dtuga Dia slán abhaile í!"