Cuireadh tús arís inniu le taidhleoirí agus sibhialtaigh a thabhairt amach as an Afganastáin ar eitleáin mhíleata.

Bhí sé ina chíor thuathail inné ag an aerfort i gCabúl - príomhchathair na hAfganastáine - agus an draoi daoine ag féachaint le teitheadh ón tír tar éis don Talaban teacht i réim arís.

Bhí an rúidbhealach brata le daoine inné agus tuairiscítear gur bhásaigh cúigear ar a laghad san anord.

Scaoil fórsaí Mheiriceá roinnt piléar san aer agus satlaíodh ar dhaoine san fhuascar ach níl sé soiléir cén chaoi ar bhásaigh an cúigear.

Tuairiscítear go bhfuil an t-aerfort tréigthe anois ag na mílte a bhí ann inné agus go bhfuil cúrsaí ciúnaithe go mór ansin.

Tá go leor de mhuintir na hAfganastáine scanraithe roimh an Talaban agus a gcuid dianpholasaithe.

Nuair a bhí an Talaban i gcumhacht cheana - idir 1996 agus 2001 - gearradh pionóis chorpartha ar dhaoine faoi rialacha éagsúla a shárú.

Crochadh, lámhachadh, lascadh agus buaileadh daoine le clocha os comhair an tsaoil i gcaitheamh na mblianta sin.

Cuireadh mná faoi chois freisin agus ní raibh cead acu dul ag obair.

Dúirt urlabhraí an Talaban le háisíneacht nuachta sa Phacastáin inniu go bhfuil sé i gceist acu glacadh le cearta ban agus mionlach san Afganastáin feasta "de réir ghnáis na tíre agus suáilcí Ioslamacha."

Tá sé tugtha le fios ag Rialtas na hÉireann go dtabharfar cead do 150 teifeach ón Afganastáin teacht chun cónaithe sa tír seo.