Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil cúrsaí san Afganastáin ag cur an-imní air.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney gur mór an tubaiste a bhfuil ag tarlú san Afganastáin.

'Géarchéim mhór daonnachta a bheidh mar thoradh air' a dúirt an tAire.

Ag labhairt dó ar an gclár raidió 'Morning Ireland',dúirt an tAire go bhfágfaidh réamas an Taliban san Afganastáin 'cuid mhór daoine ag fágáil na tíre sin, teifigh ag dul anonn isteach i dtíortha eile sa chomharsanacht'.

Seicphointe ag an Taliban i gcathair Herat

'Ní fhacthas a léithid seo de ghéarchéim le blianta fada' a dúirt sé.

Thug an tAire Coveney le fios go bhfuil 23 Éireannach faoi láthair thall san Afganastáin agus 'coinneoidh muid i dteagmáil leo sna leathanta atá romhainn'.

'Níl cuid díobh sin ag iarraidh fágáil faoi láthair' a dúirt sé, 'mar go bhfuil obair thábhachtach ar bun acu le heagraíochtaí daonnachta'.

Dhearbhaigh an tAire Coveney áfach go bhfuil 15 Éireannach a dteastaíonn uathu imeacht agus go bhfuil socruithe á ndéanamh dóibh.

'Caithfear tús áite a thabhairt anois d'eachtrannaigh atá ag iarraidh an Afganastáin a fhágáil' a dúirt an tAire Coveney.

Dúirt sé freisin go mbeadh géarchéim na hAfganastáin ag fáil tús áite ag cruinniú an tráthnóna inniu de Chomhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac.