De réir na bhfigiúirí is deireanaí is breis agus 1,200 duine atá marbh anois ag an gcrith talún i Haiti.
Rinne an crith talún a bhuail an tír ansin Dé Sathairn seo caite, scrios ollmhór.
7.2 ar an scála richter an chumhacht a bhí ag an gcrith.
Tá na mílte teach cónaithe agus foirgneamh scriosta aige.
Is dona le hospidéil déileáil leis an suas le 5,000 duine atá gortaithe ar an oileán seo sa Mhuir Chairib.
Mar bharr ar an donas, tá stoirm mhór thropaiceach geallta don tír tráthnóna.